Ábhar: Tíreolas
Teideal: An Saol cois Srutha
Cuspóirí: Go mbeadh na páistí in ann roinnt plandaí, éin, ainmhithe
agus dúl eile ( cois srutha )
1) a aithint,
2) eolas breise a fháil fúthu agus
3) an t-eolas sin a chur le chéile i bfhoirm tionscnamh.
Aoisgrúpa: Rang 4 ( 9-10 mbliana d'aois).
Taispeántas: sa rang ar dtús agus cuireadh ar aghaidh iad don
chomórtas a bhí eagraithe ag An Post.
Riachtanaisí:
a) Bhí an tionscnamh bunaithe ar cheacht 7 i Tíreolaíocht Bhunscoile
2 , An Sruth.
b)Nuair a bhí an cheacht sin déanta bhí siúlóid againn chuig sruth atá
gar don scoil. Rinne na páistí roinnt sceitseáil ansin.
c)Leabhair breise: Dúlra agus Dúchas (An Gúm) What to look for in Winter
etc. ( Ladybird)
d)Bhain siad an-úsáid
as an CD Encarta chun eolas breise agus pictiúrí a fháil.
Bainistíocht: D'oibrigh na páistí i ngrúpaí ag fáil eolas breise.
Deineadh an t- ullmhuchán go léir sa seomra ranga. Bhí páistí aonair
ag obair ar an ríomhaire, d'úsáid siad WORD (le pictiúrí ó Clipart agus
Encarta curtha isteach). Toisc nach raibh printer sa seomra ranga bhí
orainn dul chuig seomra na ríomhairí chun an priontáil a dhéanamh.
Measúnú: Bhí an tionscnamh seo an-oiriúnach do rang 4 ó thaobh
spriocanna curaclam de. Cé go raibh réimse leathan sa rang maidir le
ábaltacht, d'fhoghlaim gach páiste go leor agus thaitin sé go mór leo
leagan amach an tionscnamh críochnaithe a fheiceáil. Thóg sé timpeall
2 sheachtain é a chríochnú. Dá mbeinn ag tosú arís, thabharfainn floppy
disc do ghach páiste, agus bheadh siad in ann a gcuid oibre féin a shábháil.
Gaelscoil
Mhicíl Cíosóg
SIP 058 |