TEIDEAL: Seachtain na nAinmhithe Domhanda
ÁBHAR: Tráchtas gearr ar roinnt d'ainmhithe an domhain maraon
le pictiúir agus dánta Béarla agus Gaeilge
Aoisghrúpa: 10 - 11 blian
1. Cuspóirí an Tionnscnaimh
Tá go leor taithí ag páistí ar théacasanna scéaltacha a láimhseáil ar
a bhfuil eolas faoi leith le baint astu tré cheisteanna a fhreagairt.
Ní dóigh liom go bhfuil an taithí chéanna acu ar eolas a bhaint as téacsanna
eolais go mór mhór eolas faoi leith a bhaint as an dtéacs tré "scanning"
a dhéanamh orthu. Os rud é go raibh formhór na bhfoinsí tré Bhéarla
bheadh ar na páistí:
(a) An téacs a léamh agus an t-eolas ba thábhachtaí a roghnú
as.
(b) An Béarla a shimpliú go bhfeadfaí aistriúchán Gaeilge simplí
soléite a dhéanamh air.
(c) Cleachtadh a fháil ar úsáid an fhoclóra.
(d) Eolas níos fearr a chur ar thíortha an domhain maidir le
h- aeráidí agus gnathoga éagsúla.
(e) Cleachtadh a fháil ar dhréachtáil agus ar eagarthóireacht
a gcuid scríbhneoireachta.
(f) Cleachtadh ar file a oscailt agus eolas a shabháil ar dhiosca
"floppy".
(g) Dán oiriúnach a cheapadh nó a aimsiú faoi ainmhithe ar leith.
(h) Comhoibriú le chéile le daoine nár cháirde speisialta iad
chun foghlaim ghníomhach a thabhairt chun críche.
2. Teicneolaíocht agus an Taispeantas
Maidir le taispeántas bhí dhá aidhm agam:
(a) Taispeantas mór lámhscríofa a chrochfaí timpeall an ranga
agus lasmuigh den rang go bhfeadhfadh éinne gur suim leo é féachaint
air.
(b) Taispeantas clóscríofa ag úsáid "Word" ar an ríomhaire i
bhfoirm leabharáin a bheadh mar chúntas pearsanta ar obair gach páiste
go bhfeadhfadh sé/sí tabhairt abhaile leí/leis. Gheobhadh na páistí
taithí ar dhearadh ar leagadh amach agus eagarthóireacht a gcuid oibre
féin. Ní hé an tionnscnamh amháin a bheadh sa leabharán seo ach giotaí
oibre eile a mbeidís sásta nó brodúil astu m.sh. aistí, filíocht 7srl.
ar mhaith leo iad a chur ann.
3. Riachtanais an Tionnscnaimh
(a) Bhí ar gach beirt taighde a dhéanamh ar an ainmhí a "bhuaigh"
siad (bhí crannchur ann chun na hainmhithe a roinnt amach ionas ná beadh
easaontas ann). Fuaireadar amach mar shampla dá mba é natharacha an
teideal a fuaireadar go raibh an oiread sin díobh ann go raibh orthu
cúpla ceann ar leith a roghnú. Mar an gcéanna le Cait Mhóra - bhí orthu
roghnú agus gearradh siar a dhéanamh.
(b) Achmhainní Taighde Encarta, Irisí, leabhair Leabharlainne,
Encyclopaedia agus téacsleabhair eolaíochta.
(c) Chabhraigh an teicneolaíocht i bhfoirm Encarta chun eolas
a thabhairt agus pictiúir agus léarscáileanna a thaispeánt agus a phriontáil
amach. D'úsáideamar an ríomhaire chun clóscríobh agus dearadh agus maisiú
a dhéanamh ar an obair. Bhí na páistí in ann a guid oibre a shabháil
ina "file" féin ar floppy disc agus é a phriontáil nuair a bheadh sé
réidh.
4. Bainistíocht
1.1 Ullmhuchán sa Seomra Ranga Cuireadh an smaoineamh os comhair
an ranga agus bhí an- suim ann. Níor theastaigh uaim go mbeadh na caírde,
"speisialta" ag obair le chéile ach go bhfaighmís meascán de bhuachaillí
agus cailiní ag obair le chéile mar sin bhí crannchur againn chun na
pairtnéirí a roghnú - beirt le chéile.
1.2 Deineadh alán den obair sa seomra ranga ag úsáid an ríomhaire.
Bhí róta thart ar dhá lá sa tseachtain agus tugadh 15 - 20 nóiméad do
gach duine Encarta a úsáid. Bhí roinnt leabhar agus irisí ag na daltaí
féin ar thug siad isteach chun roinnt leis na daoine eile.
1.3 Taifeadadh an Eolais Deineadh an liostáil agus an sortáil
ag na páistí féin. Bhí an tsaoirse acu roghnú a dhéanamh laistigh den
ábhar a fuaireadar. Bhí orainn alán réamhobair a dhéanamh maidir le
roghnú eolais ionas na beadh an iomarca á scríobh agus ná beadh na páistí
ag cóipeáil díreach ón dtéacs - go mbeadh eagarthóireacht dá gcuid féin
á dhéanamh. Bhí sé deacair go leor leis Béarla soifisticiúil a aistriú
go Gaeilge sho-léite agus bhí alán ceartucháin i gceist anseo. Bhí saoirse
ag na páistí, leis, an leagadh amach a choiriú in aon tslí a ba mhaith
leo.
1.4 Léiriú Dob é seo an chuid ba dheacra. Bhí na páistí chomh
díograsach ag tosú gur thosnaigh alán acu ar an dteacs a scríobh síos
ar na billeoga taispeantas gan iad a athdhréachtú nó a cheartú agus
tháinig lag-mhisneach orthu nuair a bhí orthu é a dhéanamh arís.
Measúnú Torthaí Foghlama
1. Eolas ar ainmhithe, tíortha éagsúla an domhain agus gnathóga eagsúla.
2. Encarta a úsáid chun eolas a lorg.
3. Scileanna aistriúchán a neartú maraon le húsáid an fhoclóra.
4. Úsáid an ríomhaire le cló-scríobh agus doiciméad "Word" a úsáid chun
dearadh agus leagadh amach teacs a dhéanamh.
5. Conas "file" a oscailt agus an t-eolas a shabháil agus a phriontáil
ó dhiosca floppy. 6. Comhoibriú le chéile, eolas a roinnt agus athbhreithnú
agus measúnú a dhéanamh ar obair a chéile
Spriocanna Foghlama
Is dóigh liom go raibh an obair seo feiliúnach do na spriocanna curaclaim
mar go raibh comhthathú ar siúl idir Béarla, Gaeilge, Eolaíocht, Tíreolaiocht,
Stair, Scríobhneareacht chruthaitheach agus scríbhneoireacht fheidhmiúil,
SPHE (aire a thabhairt d'ainmhithe) agus creideamh domhanda (cait san
Eigipt m.sh). Bhí sé páiste-lárnach sa tslí gurb é an páiste a d'aimsigh
agus a roghnaigh an t-eolas a úsáideadh. Bhí comhoibriú ar siúl idir
na páistí go léir - ag roinnt eolas, pictiúir leabhair insí 7srl.
Ábaltacht na bPáistí
Bhí na páistí lán-abálta don obair ach i gcás nó dhó chonac go raibh
duine den mbeirt ina luí siar agus ag ligean don duine eile formhór
na hoibre a dhéanamh.
Ceachtanna le Foghlaim?
Ar ndóigh bhí! Dá mbeinn á dhéanamh arís d'fhanfainn tamall beag eile
isteach sa téarma go mbeadh aithne níos fearr agam ar na páistí. Thriallfainn
an chead uair eile é páistí a chur le chéile sa tslí is ná beadh duine
an-ábalta curtha le duine dá mhalairt. Chonac i gcúpla cásanna go raibh
duine amháin ag déanamh na hoibre ar fad agus i gcás eile go raibh beirt
le chéile nach raibh an fonn oibre céanna orthu is a bhí ar na daoine
eile.
Chomh maith le seo chaithfinn roinnt ama ag léamh teacsanna eolais leis
an rang agus ag déanamh cleachtadh ar an eolas tabhachtach a bhaint
as, é seo a athchoiriú nó a aistriú go Béarla níos simplí agus as sin
go Gaeilge. Shabhalfadh seo an-chuid ceartúcháin níos déanaí.
Rud eile a dhéanfainn ná go ligfinn do na páistí a gcuid ainmhithe fhéin
a roghnú mar gur mó an tsuim agus an iarracht a chuirfidís isteach ann
dá mbeadh suim faoi leith acu sa téama a bhí idir láimh acu. An chúis
nár dhein mé seo an babhta seo ná go raibh argóintí eatarthu faoi pháistí
ag roghnú na dtéamaí céanna ach mar a chonaiceamar bhí go leor leor
eolais ann le dul timpeall.
Gaelscoil
Mhicíl Cíosóg
SIP 058 |